← Cé gur leor straicfhéachaint ón tsúil ar chúl a chinn chun duine a mharú ba mhíle uair níos measa an tsúil eile - an tsúil nimhneach mar a thugtaí uirthi. 🔊
← Mar ba dhual dó lean Balor air lena chreacha agus thógadh sé ainmhithe agus sclábhaithe ón mórthír isteach go Toraigh. 🔊✎
← Ceanglaíodh isteach i mbraillín iad agus tugadh iad go poll súraic amach ón chósta faoi mar a d'ordaigh Balor. 🔊✎
← Níor bádh an páiste a chuaigh go tóin poill, áfach, mar thug Birage ar ais faoin uisce é go dtí an mhórthír agus thug sí dá athair é. 🔊✎
← Chuir seisean ar altranas go dtí a dheartháir Gabhida é mar ar múineadh ceird na gaibhneachta dó. 🔊✎
← Rug duine de na laochra greim gruaige air, duine eile greim láimhe agus an tríú duine greim coise agus síneadh é thar chloch mhór mar ar bhain Balor an cloigeann de le haon bhuile amháin dá shleá. 🔊✎
← Thosaigh Balor ag maíomh faoina chuid gaiscí, scéalta faoi mar a ghabh sé Mac Ceannfhaola agus mar a mharaigh sé é, ina measc. 🔊✎